# 24 Deireadh Fómhair 2026 (Dún na nGall)

An episode of [Nuacht Mhall](https://invisiblenetwork.ai/podcast/1525428808), 24 Oct 2026, 5:18.

Audio: https://anchor.fm/s/2da66e90/podcast/play/127998266/https%3A%2F%2Fd3ctxlq1ktw2nl.cloudfront.net%2Fstaging%2F2026-9-24%2F6f4f4b84-bd03-4419-0f02-ee2feb5d258f.mp3

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a dhéanamh ar a gcuid córas, tar éis do lochtanna cibearshlándála a tháinig chun solais i dteanga ríomhchlárúcháin, PHP, atá in úsáid go coiteann ar fud an domhain. Tarraingíodh suíomhanna idirlíne as líne Dé Céadaoin agus Déardaoin i ndiaidh fógra ó forbróirí PHP gur thánghas ar “leochaileachtaí criticiúla” sa chúlteanga, atá úsáidte i bhfórbairt ghréasáin leis na blianta fada anuas. Níor tuairiscíodh ionsaithe rathúla go dtí seo, ach deir saineolaithe nach mbeidh an tionchar le feiceáil go soiléir go ceann tamaill, b’fhéidir i gceann míonna. Mar gheall air sin, tá eagraíochtaí ag cur paistí i ngníomh - ach ní chomh gasta is a bheadh ag tnúth leis go domhanda. In Éirinn le linn na seachtaine, thug an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála rabhadh faoi thuillte agus coinníollacha deacra taistil mar gheall ar Stoirm Austen. Bhí údaráis áitiúla i mbun ullmhúcháin i rith an lae Déardaoin, le haghaidh fearthainn throm agus gaoth a bhaineann leis an stoirm. Thug Met Éireann foláireamh faoi bhaol tuillte suntasach dá bharr duilleoga tite agus draenacha blocáilte. Dúirt réamhaisnéiseoir sinsearach Met Éireann, Gerry Murphy, nach mbeidh “fíorlagú” ar an fhearthainn i rith an deireadh seachtaine agus go mbeifear ag tnúth le coinníollacha gaofara ag maratón Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Fógraíodh gearrliosta 2026 de Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post, agus ainmniúcháin do scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar thar 19 catagóir. Is iad ficsean, stair, beathaisnéis, neamhfhicsean, stíl mhaireachtála, spórt, coirscéalta, leabhair do pháistí, litríocht do dhéagóra agus d'aosaigh óga, fiscean Gaeilge, filíocht agus gearrscéaltaí na catagóirí atá i gceist. Tugann na gradaim aitheantas do leabhair agus dá gcruthaitheoirí i scríbhneoireacht na hÉireann atá aitheanta agus agus atá ag teacht chun cinn. Tá cúig leabhar ar an liosta do Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana: Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile; Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin; Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí, ealaín le Alé Mercado; Sí le Seán Ó Muireagáin agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS lochtanna cibearshlándála - cybersecurity defects teanga ríomhchlárúcháin - programming language an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála - the National Directorate for Fire and Emergency Management réamhaisnéiseoir sinsearach - senior forecaster maisitheoirí - illustrators coirscéalta - crime stories

Shows are listed from Apple Podcasts' charts and directory, and Podcast Index where it is used. Every show and episode belongs to its publisher and plays from the publisher's own feed; this site hosts none of them.
